Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Deontais ón Leithdháileadh Ginearálta Bardasach


Date: 31-01-2023

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le hiarratais anois le haghaidh maoiniú ón Leithdháileadh Ginearálta Bardasach don bhliain 2023. Féadfar iarratais a dhéanamh faoi na ceithre chatagóir seo a leanas: Cumainn Cónaitheoirí, Clubanna nó Eagraíochtaí, Féilte agus Imeachtaí agus Áiteanna Adhlactha. Déanfar measúnú ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail ina gcuirtear forbairt shóisialta, eacnamaíoch, comhsaoil, áineasa, chultúrtha, pobail nó spóirt chun cinn ar bhealach dírithe nó ar bhealach indíreach.

Tabharfar tosaíocht do thionscadail atá bunaithe sa phobal agus a léiríonn go bhfuil comh-mhaoiniú faighte acu nó gur féidir comh-mhaoiniú a fháil lena n-aghaidh.

Is í Dé hAoine an 24 Feabhra ag 4.30pm an spriocam le haghaidh iarratais. Féadfaidh na foirmeacha a fháil ar an leathanach seo nó ón gCeantar Bardasach lena mbaineann.

Ceantar Bardasach Bhéal an Átha: Fón (094) 9064400,ríomhphost: ballinagma@mayococo.ie

Ceantar Bardasach Chaisleán an Bharraigh: Fón: (094) 9064000, ríomhphost: castlebargma@mayococo.ie

Ceantar Bardasach Chlár Chlainne Mhuiris - Bhéal Átha na Muice: Fón (094) 9064800, ríomhphost: claremorrisgma@mayococo.ie

Ceantar Bardasach Chathair na Mart - Bhéal an Mhuirthead: Fón (094) 9064600, ríomhphost: wbmdgma@mayococo.ie

Foirmeacha iarratas de réir ceantar bardasach:




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha