Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Comhshaol, Athrú Aeráide agus Talmhaíocht

Oideachas agus Gníomhaíochtaí


 

Bí páirteach

Tá go leor bealaí ann ar féidir leat foghlaim faoinár dtránna Brait Ghlas agus Cósta Glas, iad a chosaint agus páirt a ghlacadh sna tionscnaimh.

Smaoinigh roimh Shruthlú

Is feachtas náisiúnta é Smaoinigh roimh Shruthlú atá á reáchtáil ag Clár na gCóstaí Glana de chuid An Taisce, le tacaíocht ó Uisce Éireann. Leis an gclár sin, téitear i ngleic leis na fadhbanna a chruthaítear inár gcomhshaoil mara nuair a shruthlaítear earraí áirithe. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais anseo.

Glanadh Trá 2 Nóiméad

Má tá tú ag an trá, féadfaidh tú 2 nóiméad a ghlacadh chun í a ghlanadh. Rachaidh an t-am gairid sin go mór chun sochair d’ár dtránna áille. Chun gealltanas a dhéanamh agus chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.

Faire Cósta (Coastwatch)

Le suirbhé Coastwatch, cuirtear léargas ar fáil ar staid an chósta in Éirinn. Iarrtar ar rannpháirtithe suirbhé 500m a dhéanamh ar an gcósta agus ceistneoir a fhreagairt. Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le Coastwatch na hÉireann ar Facebook agus Twitter.

Comórtas Grianghrafadóireachta Grá Cósta (Love your Coast)

Reáchtálann Cósta Glas an comórtas bliantúil seo a bhfuil gradaim éagsúla mar chuid dó. Má tá ceamara agat agus má tá grá agat don chósta, bí cinnte páirt a ghlacadh ann! Tá eolas agus sonraí faoi iarratais le fáil anseo.

Gradaim Phobail Foinse go Farraige (Source to Sea)

Reáchtálann Comhairle Contae Mhaigh Eo gradaim bhliantúla le haghaidh grúpaí pobail a bhfuil suim acu an comhshaol agus ár mbealaí uisce a chosaint. Ar an drochuair níor reáchtáladh an comórtas in 2021 de dheasca phaindéim Covid-19.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha