Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ailtirí

Scéimeanna Deontais


Cúnamh Airgeadais d’Oibreacha Caomhnaithe Ailtireachta Faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2024 agus faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil 2024

Sheol Malcolm Noonan, T.D., an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghchán ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus Ciste na Struchtúr Stairiúil don bhliain 2024. Tugtar tacaíocht trí mheán na scéimeanna seo d'úinéirí agus coimeádaithe struchtúr faoi chosaint, agus dóibh siúd i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta, a n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus aire a thabhairt dá réadmhaoin.

Ciste na Struchtúr Stairiúil 2024

Is d’oibreacha caomhnaithe ar struchtúir oidhreachta atá faoi úinéireacht phríobháideach agus phoiblí é Ciste na Struchtúr Stairiúil. Dírítear leis ar struchtúir agus foirgnimh stairiúla a chaomhnú agus a fheabhsú ar mhaithe leis an bpobal. Tá deontais idir €15,000 agus €50,000 ar fáil faoi Shruth 1, agus tá deontais idir €50,000 agus €200,000 ar fáil faoi Shruth 2. Tá sruthanna maoinithe ann i mbliana le haghaidh Struchtúir Dhúchasacha agus Aghaidheanna Siopa Stairiúla. Tá sé mar aidhm le sruth na nAghaidheanna Siopa Stairiúla aghaidheanna siopa stairiúla a chaomhnú, agus tá catagóir ar leith ann do shiopaí stairiúla an bhfuil an Ghaeilge le feiceáil orthu.

Is féidir sonraí an scéime agus na foirmeacha iarratais a fháil i gCiorclán HSF/2024 ‘Ciste na Struchtúr Stairiúil’.

Ciorclán - Ciste na Struchtúr Stairiúil

Foirm Iarratais A

Seicliosta d'Iarratasóirí le cur isteach le Foirm Iarratais A

Treoirleabhar d'Iarratasóirí

An Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2024

Tá sé mar aidhm leis an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha cuidiú le deisiú agus caomhnú struchtúr a chosnaítear faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (an RPS) agus, i gcásanna áirithe, oibreacha ar struchtúir laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (ACAanna).Tá mar chuspóir ag an Scéim seo tacú le líon suntasach tionscadail dlúthshaothair bheagscála chaomhnaithe ar fud na tíre agus tacú le gairmithe caomhnaithe agus ceardaithe oilte chun an timpeallacht stairiúil thógtha a dheisiú.

Leagtar amach i gCiorclán BHIS 24/1 sonraí iomlána na scéime, chomh maith leis na foirmeacha iarratais, agus na haguisíní tacaíochta go léir. Is é €2,500 an íosmhéid maoinithe agus is é €15,00 an t-uasmhéid. Teastaíonn cistiú meaitseála 50%, ar a laghad.

Sonraí Iarratais

Ba cheart foirmeacha iarratais chomhlánaithe agus gach doiciméad tacaíochta (grianghraif, tuairiscí, luacháin srl) a chur isteach mar chóipeanna crua chuig:

Oifig um Chaomhnú Ailtireachta
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
F23 WF90

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil don dá scéim 4pm, Dé hAoine, an 12 Eanáir 2024.

Is féidir ceisteanna a chur chuig: architecturalconservation@mayococo.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha