Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceantar Bardasach Bhéal an Átha

Páirceáil


Ghlac Ceantar Bardasach Bhéal an Átha le Fodhlíthe Áiteanna Páirceála, Fodhlíthe Carrchlóis agus Fodhlíthe Tacsaithe le trácht i mBéal an Átha a rialú agus a bhainistiú.

Tá na fodhlíthe i bhfeidhm chun an trácht a bhainistiú ar bhealach ceart, éifeachtach. Cinntíonn na Maoir Phobail go gcloítear leis na fodhlíthe seo trí mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh sna bailte uile.

‌‌‌Fíneáil Pháirceála a íoc 

Is féidir fíneáil pháirceála a íoc i bpearsa ag Ceantar Bardasach Bhéal an Átha, Oifigí Cathartha, Plás Arran, Béal an Átha nó trí glaoch ar 094 906 4400. 

Páirceáil Íoc agus Taispeáin 

Tá Páirceáil Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm i limistéir shainithe i mBéal an Átha le cinntiú go mbeidh sruth leanúnach tráchta ann chomh maith le háiseanna páirceála dóibh siúd a bhaineann úsáid as seirbhísí sa bhaile.

Zón 1 (Dearg): Seachtó cent (70c) san uair. Beidh an ticéad páirceála bailí i ngach ceann de na trí zón.  

Zón 2 (Oráiste): Caoga cent (50c) san uair. Beidh an ticéad páirceála bailí i Zón 3 chomh maith.

Zón 3 (Glas):  Ceathracha cent (40c) san uair. Ní bheidh an ticéad páirceála seo bailí ach amháin i Zón 3.

Cead Míosúil Páirceála

Is féidir le daoine ón bpobal Cead Páirceála Míosúil a cheannach a thugann cead dóibh páirceáil i gcarrchlós fadtréimhseach nó gearrthréimhseach ar feadh míosa.

Ní thugann Cead Míosúil Páirceála cead páirceála in áit nó ar bhealach atá toirmiscthe. Níl Cead Míosúil Páirceála bailí ach don sceideal carrchlóis atá sonraithe ar an gcead.

Zón Dearg: Carrchlóis Shráid Emmet & Shráid Teeling €45 sa mhí

Zón Oráiste: Carrchlós Shráid Humbert €35 sa mhí

Zón Glas: Carrchlóis Shiúlóid na mBaitsiléirí & Shráid an Bhairéadaigh €10 sa mhí

 

Cead Páirceála Áitritheora

Is féidir Cead Páirceála Áitritheora a fháil ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo d’áitritheoirí a bhfuil cónaí orthu sna háiteanna a bhfuil páirceáil íoc agus taispeáin/páirceáil diosca i bhfeidhm. Ní mór foirm iarratais agus na cáipéisí a ghabhann léi a leagan isteach chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo. Ní ghlacfar le hiarratais ach ón duine ar mian leis/léi cead a fháil, agus ní mór don fhoirm a bheith comhlánaithe agus na cáipéisí riachtanacha a bheith in éineacht léi. Tá sé de cheart ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh tuilleadh eolais a lorg chun tacú le hiarratas nó le hathnuachan. Ní cheadaítear ach iarratas amháin ó gach iarratasóir.

Ní chinntíonn Cead Páirceála Áitritheora spás poiblí páirceála don té a bhfuil an cead sin aige/aici. Ní thugann Cead Páirceála Áitritheora cead páirceála in áit nó ar bhealach atá toirmiscthe. Níl Cead Páirceála Áitritheora bailí ach don fheithicil agus don tsráid/na sráideanna atá sonraithe ar an gcead.

Tá foirmeacha iarratais do Chead Páirceála Áitritheora nua, Athnuachan ar Chead Páirceála agus Athrú Feithicle ar fáil ANSEO agus is féidir iad a chur isteach agus iad comhlánaithe mar is cuí chuig: 

Ceantar Bardasach Bhéal an Átha, Oifigí Cathartha, Plás Arran, Béal an Átha - Teileafón (094) 906 4400 

Cead Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas

D’fhéadfadh duine faoi mhíchumas a bheith i dteideal Cead Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas. Ní hí Comhairle Contae Mhaigh Eo a eisíonn na ceadanna seo ach Cumann na hÉireann do Thiománaithe faoi Mhíchumas agus Cumann Chathaoir Rotha na hÉireann.

Nós imeachta maidir le fíneáil pháirceála a achomharc.

Más mian leat fíneáil pháirceála a achomharc beidh ort d’achomharc a chur isteach i scríbhinn chuig: Ceantar Bardasach Bhéal an Átha, Oifigí Cathartha, Plás Arran, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo:

Nó ar ríomhphost chuig ballinamd@mayococo.ie 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha