Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scoláireacht Ghaeltachta Shamhradh 2023


Date: 30-03-2023

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le hiarratais anois le haghaidh scoláireacht Ghaeltachta i gcomhair Shamradh 2023. Scoláireacht amháin iomlán a bheidh ar fáil a chlúdóidh na costais uile a bhaineann le Cúrsa D i gColáiste Mhuigheo, Ceathrú Thaidhg. Is ón 18 Iúil go dtí an 1 Lúnasa 2023 a bheidh an cúrsa sin ar siúl. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa ar shuíomh gréasáin Choláiste Mhuigheo.

Is iad seo a leanas na coinníollacha iontrála a ghabhann leis an scoláireacht seo:

  • Is do dhaltaí dara leibhéal atá san idirbhliain nó sa 5ú bliain an scoláireacht seo.
  • Is féidir le daltaí atá ina gcónaí i Maigh Eo, nó atá ag freastal ar scoil i Maigh Eo, cur isteach uirthi. 
  • Ní féidir an scoláireacht seo a thabhairt do dhalta eile.
  • Roghnófar buaiteoirí trí mheán crannchur oscailte. Déanfaidh an Oifig seo teagmháil dhíreach leis an mbuaiteoir.
  • Beidh ar an mbuaiteoir a léiriú go gcomhlíonann siad na coinníollacha thuasluaite chun an scoláireacht a fháil.

Tá an fhoirm iarratais ar líne le fáil ag an nasc thíos - ní bheifear ag glacadh le hiarratais sa phost. Ní mór don dalta agus do thuismitheoir nó caomhnóir an dalta an fhoirm iarratais a líonadh amach. 

Is í meánoíche Dé Céadaoin an 26 Aibreáin 2023 an spriocam le haghaidh iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Foirm Iarratais - Scoláireacht Samhraidh 2023 (cliceáil ag barr an leathanaigh ar dheis don leagan Gaeilge).

 

 




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha