Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Clár na dToghthóirí

Cláraigh chun Vótáil


Níl mé ar Chlár na dToghthóirí. An féidir mé a chur leis?

Tá dhá bhealach ar féidir tú a chur leis an gClár. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun go gcuirfí ar Fhorlíonadh leis an gClár thú, nó is féidir leat iarratas a dhéanamh le linn phróiseas an Dréachtchláir a reáchtáiltear gach uile bhliain.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh am ar bith le bheith san áireamh ar an bhforlíonadh leis an gClár ach Foirm RFA 2 a chur isteach. Is féidir le toghthóirí incháilithe nach bhfuil ar an gClár reatha, ach atá ar an bhforlíonadh, vóta a chaitheamh i dtoghcháin agus i reifrinn a reáchtálfar sula dtiocfaidh Chlár nua na dToghthóirí i bhfeidhm.

RFA 2 - Iarratas le bheith san áireamh ar an bhforlíonadh le Clár na Toghthóirí - Béarla

RFA 2 - Iarratas le bheith san áireamh ar an bhforlíonadh le Clár na Toghthóirí - Gaeilge

Cé gur féidir leat iarratas a dhéanamh am ar bith le bheith san áireamh ar an bhforlíonadh, ní mheastar ach iarratais a fhaightear roimh an 14ú lá roimh lá vótaíochta toghcháin nó reifrinn le bheith san áireamh don vótaíocht áirithe sin. Ní thógtar an Domhnach, laethanta saoire poiblí ná Aoine an Chéasta san áireamh leis sin. Ní dhéanfar iarratais dhéanacha a phróiseáil go dtí go mbeidh an lá vótaíochta thart.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha